Achoimre
Geàrr-chunntas air
Summary
B’í oidhe thruamhéileach na mílte bunóc gan áireamh a cuireadh go rúnda, istoíche, i dtalamh neamhchoisricthe,  agus an briseadh croí a d’eascair as an nós sin, (a lean ar aghaidh go dtí lár an fhichiú  chéid) a thug ann don togra, Glórtha ón gCillín. Is í an tuiscint ghinearálta ar na cillíní nó na ceallúraigh nó na cillínigh, (mar a thugtar orthu in áiteanna éagsúla sa tír) ná gur cuireadh na leanaí a cailleadh gan bhaisteadh agus iad á dtabhairt ar an saol nó go gairid ina dhiaidh iontu. Le linn na taighde a deineadh, fuarthas amach go raibh leanaí suas le seacht nó ocht de bhlianta, curtha iontu chomh maith, ar an gcúis go raibh na tuismitheoirí faoi chuing an bhochtanais, an míniu a thug an pobal air. Ní hamháin sin, ach adhlacadh daoine fásta iontu chomh maith, m.sh. iad siúd a chuir lámh ina mbás féin, daoine a dúnmharaíodh, daoine nárbh fhios cén creideamh a bhí acu agus coirp a thug an fharraige isteach
 
Tá adhlacadh na leanaí in áit speisialta leo féin ag dul siar na mílte bliain i stair na hEorpa. Taca  an ama gur tháinig an Chríostaíocht i réim in Éirinn, bhí Naomh Aguistín ag fógairt go raibh Peaca an tSinsir ar gach mhac máthar a saolaíodh riamh agus dá bhrí sin, nárbh fhéidir le leanaí nach raibh baiste dul ar Neamh mar gur gineadh sa drúis iad. Faoin tarna haois déag, bhí an Eaglais tar éis coincheap nua a chumadh, staid idir Neamh agus Ifreann- Limbus Infantium/Liombó, go mbeadh na leanaí seo ann ar feadh na síoraíochta, dar léi. Nuair a chuimhnítear ar an ráta ard torthúlachta agus ar an ráta báis an-ard, dá réir, a bhain le saolú clainne -7% ins na tríochaidí den chéad seo caite, is féidir a shamhlú cé chomh mór is a ghoill an gheis seo ar na glúnta tuismitheoirí, go háirithe na máithreacha, nár ceadaíodh dóibh bheith i láthair an uair a chuirtí na leanaí agus a chreid nach mbuailfidís leo , go deo, sna flaithis. Ní mór a rá gur cuireadh leanaí óga iontu a raibh feallmharú, ar chúis amháin nó ar chúis eile, i gceist ina gcás.  Chabhraigh an rúndacht leosan a dhein an feall é a choimeád i bhfolach.
 
Spreag an chéad turas a thug Sheena Graham-George ar chillín ar Oilean Acla í le dul i mbun taighde agus saothar ealaíne ar na láithreacha seo.  Bhailigh brobh beart nuair a bhuail sí le Bríd Ní Mhórain, a tógadh i ngiorracht urchar méaróige do chillín.  Chuaigh Sheena i dteagmháil leis an scannánóir agus dearthóir fuaime, Angelica Kroeger, atá ag maireachtaint in Ullapool ar chósta thiar thuaidh na hAlban, . Tá Bríd mór le Máire Breathnach, duine de shárcheoltóirí agus sárchumadóirí na tíre a chum an ceol d’fhuaimrian an scannáin agus d’iarr Bríd ar Mheg Bateman, file agus léachtóir i Sabhal Mór ar an Oileán Sciathánach, a bheith páirteach leo. Sin mar a fíodh snátha an tionscnaimh ina chéile. Tá Meg agus Angelica tar éis teacht ar chillíní in Albain, ó shin – nasc eile idir an dá thír gur fiú a thochailt amach anseo. Cé go bhfuil na cillíní breactha ar fud na hÉireann, chun chríche an togra, díríodh, don gcuid is mó, orthusan ata suite sa trí leithinis san Iardheisceart- Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach agus Béarra.
 
BUÍOCHAS:
Colm Cille, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Ealaín na Gaeltachta, An Lab, Féile na Bealtaine, Tech Amergin, Anam Chara, Roinn Bhéaloideas Éireann, in Albain, Shabhal Mór Ostaig, Fèisean nan Gàidheal, Paudie & Breda Aherne, Feargal Mac Amhlaoibh, Na hAoraí, An Canónach,  Tomás Ó Luanaigh, An Daingean, Isabel Bennett, J. Bishop, Sue Booth-Forbes, Brosnan’s Cottage, Fiona & Pádraig de Buis, Cappamore Cottage, Cormac Mac Cárthaigh, Cill Rialaigh, Coiste Fhéile na Bealtaine, Comhairle Chontae Chiarraí, T.P. Ó Conchubhair, Nóirlín Ní Dhuibhir, Anthony O’Flaherty, Tom & Mary Horgan, Brigitte & Neli Kroeger, Breandán Mac Gearailt, Aoileann Nic Gearailt, Maria Hunt, John McIntyre, K.H.A.S., Leabharlann an Chontae, Trá Lí Leabharlann I.T. Thrá Lí, Jerry O’Leary, Phil Leen, Kath Nic Leoid, Iona MacDonald, Joan Maguire, Íde & Maire Ní Mhóráin,Áine Moynihan, Muiris Ó Muircheartaigh, Dr. Eileen Murphy, Dr. Griffin Murray, Ríonach Uí Ógáin, Eibhlín de Paor, John Sheehan, Máire Uí Shíthigh, Micí Walsh.
B’ e bàs truagh nam mìltean de naoidheanan a thiodhlaiceadh gun fhios, a dh’oidhche, ann an talamh neo-choisrigte, agus am briseadh-cridhe a lean an cleachdadh seo (a mhair ann an Èirinn gu meadhan an 20mh linn), a dh’adhbhraich am phròiseact, Glórtha ón gCillín/Guthan on Chladh Bheag/Voices from the Cillín. ’S e an tuigse fharsaing air na cladhan beaga gun tiodhlaicte na leanaban annta a chaochladh aig àm am breithe, no goirid na dhèidh, mus deach am baisteadh. Le linn rannsachadh na cùise, thàinig e am follais gun robh clann suas gu seachd no ochd bliadhna a dh’aois gan cur sna cladhan beaga cuideachd, mar thoradh air bochdainn am pàrantan a rèir an t-sluaigh. Chaidh inbhich adhlacadh annta a bharrachd air sin, mar eisimpleir daoine a chuir an làmh nam beatha fhèin, daoine a chaidh a mhurt, daoine gun chreideamh a b’ aithne do chàch agus cuirp a thug an làn-mara a-steach.
 
Tha adhlacadh leanaban ann an àiteachan sgaraichte o adhlacadh inbheach a’ dol air ais na mìltean de bhliadhnachan ann an eachdraidh na Roinn Eòrpa. Mun àm cheudna a thàinig Crìostaidheachd a dh’Èirinn, bha an N. Augustine a’ teagasg gun robh am peacadh gine air gach mac màthar, agus mar thoradh air sin, nach b’ urrainn do phàiste nach robh air a bhaisteadh dhol gu Nèamh oir ghineadh san drùis e. Mun dàrna linn deug chruthaich an eaglais bun-smuain ùr mu Limbus Infantium, staid eadar Nèamh agus Ifrinn, anns am biodh leithid a chloinn air an cumail gu sìorraidh. Nuair a chuimhnichear air tricead na breithe agus, air sàillibh sin, air tricead bàs naoidhean a bha faisg air 7% gu ruige na 1930an, chan fhaodar cràdh nam pàrantan a thomhas, gu h-àraidh cràdh nam màthraichean aig nach robh cead a bhith an làthair nuair a chuirte na naoidheanan agus a chreideadh nach coinnicheadh iad a-rithist ri chèile ann am flaitheanas. Feumar a ràdh gun deach naoidheanan eile a thiodhlacadh  a chaidh a mhurt air adhbhar air choreigin. Chuidich dìomhaireachd nan cladhan beaga ri a leithid a dh’eucoir a chumail am falach.
 
Bhrosnaich a’ chiad sealladh a bh’ aig Sheena Graham-George air cladh beag an Eilean Acla i gus rannsachadh a dhèanamh air a’ chuspair agus obair ealaine a chruthachadh mu na làraichean seo.  Chaidh rudan am meud nuair a thachair i ris a’ bhàrd Bríd Ní Mhóráin a chaidh a togail, i fhèin, faisg air cladh beag, agus i an dèidh dàn a sgrìobhadh air a’ chuspair. Bhruidhinn Sheena ris an neach-ealain digiteach agus fuaime Angelica Kroeger a tha a’ fuireach ann an Ullapul. Tha Bríd na deagh charaid aig Máire Breathnach a tha air tè den luchd-ciùil thradaiseanta agus den luchd-dèanamh-ciùil as fheàrr ann an Èirinn, agus dh’iarr Bríd oirrese an ceòl a dhèanamh a thèid an co-bhonn an fhilm. Thug i cuideachd cuireadh do Meg Bateman, a tha na bàrd, na h-eadar-theangaiche agus na h-òraidiche aig Sabhal Mòr Ostaig san Eilean Sgitheanach, pàirt a ghabhail còmhla riutha. Sin mar a chaidh snàithlean a’ phròiseict fhighe còmhla. On a thòisich iad air an obair, tha an dithis aca, Angelica agus Meg, air cladhan beaga a lorg an Alba – ceangal eile eadar an dà dhùthaich a thoilleas tuilleadh rannsachaidh. Ged a tha na cladhan seo rin lorg air feadh na h-Èireann, tha sinne air amas, airson na mòr-chuid, air an fheadhainn an iar-dheas na dùthcha, air na trì rubhaichean Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach agus Béarra.
 
TAING:
Colm Cille, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Ealaín na Gaeltachta, An Lab, Féile na Bealtaine, Tech Amergin, Anam Chara, Roinn Bhéaloideas Éireann, in Albain, Shabhal Mór Ostaig, Fèisean nan Gàidheal, Paudie & Breda Aherne, Feargal Mac Amhlaoibh, Na hAoraí, An Canónach,  Tomás Ó Luanaigh, An Daingean, Isabel Bennett, J. Bishop, Sue Booth-Forbes, Brosnan’s Cottage, Fiona & Pádraig de Buis, Cappamore Cottage, Cormac Mac Cárthaigh, Cill Rialaigh, Coiste Fhéile na Bealtaine, Comhairle Chontae Chiarraí, T.P. Ó Conchubhair, Nóirlín Ní Dhuibhir, Anthony O’Flaherty, Tom & Mary Horgan, Brigitte & Neli Kroeger, Breandán Mac Gearailt, Aoileann Nic Gearailt, Maria Hunt, John McIntyre, K.H.A.S., Leabharlann an Chontae, Trá Lí Leabharlann I.T. Thrá Lí, Jerry O’Leary, Phil Leen, Kath Nic Leoid, Iona MacDonald, Joan Maguire, Íde & Maire Ní Mhóráin,Áine Moynihan, Muiris Ó Muircheartaigh, Dr. Eileen Murphy, Dr. Griffin Murray, Ríonach Uí Ógáin, Eibhlín de Paor, John Sheehan, Máire Uí Shíthigh, Micí Walsh.
The tragic fate of countless thousands of infants who were buried secretly, at night, in unconsecrated ground, and the heart break that followed from this custom, (which continued up to the middle of the twentieth century), is what gave rise to the project, Glórtha ón gCillín/Guthan on Chladh Bheag/ Voices from the Cillín. The general understanding of the cillíní or ceallúraigh or cillínigh (as they were known in different parts of the country) was that babies, who were unbaptised because they died at birth or shortly after, were buried in these places. During research on the project it became clear that children up to seven or eight years of age were buried there as well, the explanation given for this being that it was a result of the dire poverty of the parents. Adults were also buried there, for example, people who died by suicide, murder victims, those whose religion was unknown and bodies brought in by the sea.
 
The burial of infants in separate locations from adults goes back thousands of years in Europe. About the time that Christianity came to Ireland, St. Augustine was proclaiming the doctrine of Original Sin which he claimed pertains to all humans, according to which, unbaptised children cannot enter heaven because they were conceived in lust. By the twelfth century, the church had created a new concept, Limbus Infantium/Limbo, where these children would be confined, it was claimed, for eternity. In view of the high fertility rate and the corresponding high infant mortality rate of almost 7% up to the 1930s, it’s not difficult to imagine how this prohibition affected parents, particularly mothers, who weren’t allowed be present at the burial and who believed they would never see their children in heaven. It has to be said that some of these children were the victims of infanticide, for one reason or another. The  secrecy associated with the cillíní helped those who committed the crime to escape detection.
 
Sheena Graham-George’s first encounter with a cillín on Achill Island inspired her to research and create artwork on the subject. One thing led to another when she met Bríd Ní Mhórain, who was raised within a stone’s throw of a cillín and had published a poem on the subject. Sheena made contact with the film maker and sound designer, Angelica Kroeger, who lives in Ullapool, on the Northwest coast of Scotland. Bríd’s friendship with Máire Breathnach, one of the leading traditional musicians and composers in the country, led to Máire composing music for the soundtrack of the film and Bríd invited Meg Bateman, poet, translator and lecturer in Sabhal Mór Ostaig, on the Isle of Skye, to participate in the project. That’s how the artistic threads were interwoven. Since they began the work, both Angelica and Meg have discovered cilliní in Scotland – another connection between our two countries which deserves further investigation in the future. Although the cillíní are to be found all over Ireland, for the purposes of this project, we have concentrated, for the most part, on those  situated in the Southwest, on the three peninsulas of West Kerry, Iveragh and Beara.
 
THANKS GO TO:
Colm Cille, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Ealaín na Gaeltachta,
An Lab, Féile na Bealtaine, Tech Amergin, Anam Chara, Roinn Bhéaloideas Éireann, an Alba, Shabhal Mòr Ostaig,  Fèisean nan Gàidheal, Paudie & Breda Aherne, Feargal Mac Amhlaoibh, Na hAoraí, An Canónach,  Tomás Ó Luanaigh, An Daingean, Isabel Bennett, J. Bishop, Sue Booth-Forbes, Brosnan’s Cottage, Fiona & Pádraig de Buis,
Cappamore Cottage, Cormac Mac Cárthaigh, Cill Rialaigh, Coiste Fhéile na Bealtaine, Comhairle Chontae Chiarraí, T.P. Ó Conchubhair Nóirlín Ní Dhuibhir, Anthony O’Flaherty, Tom & Mary Horgan, Brigitte & Neli Kroeger, Breandán Mac Gearailt, Aoileann Nic Gearailt, Maria Hunt, John McIntyre, K.H.A.S., Leabharlann an Chontae, Trá Lí, Leabharlann I.T. Thrá Lí, Jerry O’Leary, Phil Leen, Kath Nic Leoid, Iona MacDonald, Joan Maguire, Íde & Maire Ní Mhóráin, Áine Moynihan, Muiris Ó Muircheartaigh, Dr. Eileen Murphy, Dr. Griffin Murray, Ríonach Uí Ógáin, Eibhlín de Paor, John Sheehan, Máire Uí Shíthigh, Micí Walsh