Mar nár rith linn maireachtaint
Dhein leaba ár mbáis den leaba luí seoil
A d’fhág ar imeall an chiúnais sinne
Sara raibh deis againn béic a ligint
Sarar bhlaiseamar de chompord an tsaoil
Ó chíoch bhainniúil a shil deora ceana.
Le faobhar nó le dorchadas na hoíche
’Sea thuisligh ár n-aithreacha, a mbeartán fillte
Féna n-ascaill, go dtí Baile na Cille.
Obair dhuaisiúil, gan de bheannacht
Ach a n-osnaíl chráite, d’fhág leac bheag,
Gan ainm, os ár gcionn in airde.
Fós, tá cré na cuimhne naomhaithe
Ag timpill an turais Aoine an Chéasta
Is tá beirthe isteach orainn i mbarróg ghlas
Ghleann na hÍne, i lúb na habhann a thriomaigh,
Fé na cnoic is na sléibhte a fhaireann ár suan
Ar nós tuismitheoirí dílse i mbun a gcúraim.